Le Marie- Mathilde Wielgus
Ar ócáid an chomóratha 77 mbliana ar shaoradh sluachampa géibhinn Auschwitz, ar an Lá Idirnáisiúnta seo atá tiomnaithe do chuimhne íospartaigh an Uileloiscthe, thug Áras Stair na hEorpa cuireadh don phobal chuig léiriú ar líne den scannán ‘Son of Saul’ agus plé ina dhiaidh, agus d’eagraigh siad ceardlann ar líne do dhaltaí darbh ainm ‘Cén stair atá ionat?’.
Le linn an chéad seisiúin den cheardlann seo, chuir Laurence Bragard, Oideoir an Mhúsaeim, Áras Stair na hEorpa i láthair agus labhair sé faoin gcaoi a ndéanann an Músaem an Dara Cogadh Domhanda agus cuimhne an Léirscriosta a nochtadh, os chomhair dhá rang de dhaltaí 11 bhliain d’aois ón Scoil Eorpach in Alicante agusó Scoil Idirnáisiúnta na Breataine sa Bhruiséil. Cad is féidir le ‘teach’ de chuid stair na hEorpa a thaispeáint dúinn? Ní raibh ganntanas smaointe ag na páistí: bhí siad ag súil go bhfeicfidh siad grianghraif, éidí, seoda ó thíortha na hEorpa, airm, traenacha agus tancanna. Theastaigh uathu cloisteáil faoi chogaí cathartha, coilíneacht, cumhachtaí Eorpacha. Ós rud é gurbh é cuimhne an Uileloiscthe téama na ceardlainne, roinn na páistí a raibh ar eolas acu mar gheall air: díbirt agus cinedhíothú Ghiúdaigh na hEorpa, na sluachampaí géibhinn, na seomraí gáis, stair na dteaghlach scartha, earraí pearsanta a goideadh agus cearta an duine a sáraíodh.
Tá rud ar leith i mbailiúchán an mhúsaeim a chuidíonn leis an gceardlann a léiriú: Cóta Josef. Is é Josef Fränkel an t-aon duine a tháinig slán ón Uileloscadh ina theaghlach. Chuir a iníon, an t-ealaíontóir Ritula Fränkel, agus a fear céile Nicholas Morris, cóta le chéile ar a bhfuil griangraif agus meabhráin faoi shaol a hathar, agus chruthaigh siad an saothar cuimhneacháin, pearsanta agus siombalach seo. Bunaithe ar an modh sin, iarradh ar na páistí cóta a chruthú a bheadh maisithe le líníochtaí agus griangraif a chuireann in iúl conas a chuaigh siad i ngleic le tréimhsí deacra ina saol.
Sa dara seisiún, chuir na páistí an obair a bhí ar bun acu sa rang le coicís anuas i láthair: na leabhair a bhí léite acu agus na scannáin a bhí feicthe agus pléite acu sa rang a thacaigh leis an gceacht seo. Rinne gach rang cur síos, ag baint leas as fíorchóta, ar an gcaoi ar chuir siad cruth air. Tharraing agus chroch daltaí ón Scoil Eorpach in Alicante na rudaí a bhí gar dá gcroí ar thaobh na láimhe clé den chóta. Ar thaobh na láimhe deise, bhí a gcuid mianta don todhchaí agus ar chúl, na deacrachtaí a bhaineann leis an bpaindéim agus leis an achar a scarann óna dteaghlach iad. D’ullmhaigh daltaí Scoil Idirnáisiúnta na Breataine sa Bhruiséil teistiméireachtaí scríofa, a stápláil siad le chéile le linn an tseisiúin. Ar na muinchillí, bhí dúshláin phearsanta agus ar chúl, bhí an tionchar a bhí ag coinbhleachtaí stairiúla ar a dteaghlaigh san India agus sa Rómáin. Chun tosaigh, chuir siad an ghéarchéim shláinte, an leithlisiú agus caitheamh masc lena gclúdaítear ní hamháin ár n-aghaidheanna ach ‘ár bpearsantachtaí’ freisin, mar a dúirt dalta amháin.
Dúirt múinteoir ón Scoil Eorpach in Alicante, Mark Scott, gurbh é ceann de na dúshláin a bhain leis an gceacht seo ná teacht ar an taobh dearfach i gcásanna deacra sa saol agus go mbíonn sé níos éasca na cásanna deacra sin a shárú ach teacht ar na rudaí atá gar dár gcroí, amhail ár muintir, ár gcairde agus ár bpeataí. Leag sé béim ar an tábhacht a bhaineann le cóta Josef agus scéal an Uileloiscthe á phearsanú chun é a dhéanamh níos réadúla do pháistí. Rinne Beverly Tranter ó Scoil Idirnáisiúnta na Breataine sa Bhruiséil tuairisc, anuas ar an ngné oideachasúil den cheacht seo, go dtugann sé deis do na páistí oibriú ar a staid síceolaíochta agus a gcuid mothúcháin láidre agus na mothúcháin a dhéanann imní dóibh a chur i bhfocail.
Gabhann Áras Stair na hEorpa buíochas leis na daltaí agus a gcuid múinteoirí as ucht páirt a ghlacadh sa cheardlann seo agus sa chomóradh ar an Lá Idirnáisiúnta seo atá tiomnaithe do chuimhne íospartaigh an Uileloiscthe.