Treoirphrionsabail
Tugaimid faoi mheascán gníomhaíochtaí for-rochtana chun líon na gcuairteoirí agus na n-úsáideoirí a mhéadú, agus chun dul i dteagmháil le cuairteoirí músaeim neamhthraidisiúnta.
Cuirimid fáilte roimh chuairteoirí beag beann ar a suíomh, a leibhéal oideachais, a n-aois, a n-eitneacht, a gcumas fisiciúil nó intleachtúil nó a dteanga.
Tionscadail reatha
Tionscadail a bhí ann roimhe seo
An músaem, a phiaraí agus na meáin
Líonra
Bíonn Áras Stair na hEorpa rannpháirteach i gcumainn éagsúla náisiúnta agus idirnáisiúnta i réimse an mhúsaeim agus na hoidhreachta cultúrtha, amhail ICOM, NEMO agus Comhairle Mhúsaeim na Bruiséile. Tugann sé faoi obair for-rochtana le grúpaí éagsúla i ngarchomharsanacht agus i ngar-réigiún na Bruiséile, agus oibríonn sé i gcomhar le músaeim, le hollscoileanna agus le sochaithe sibhialta ar fud na hEorpa.
Taispeánann an léarscáil idirghníomhach seo comhpháirtithe, eagraíochtaí agus músaeim ar fud na hEorpa agus an domhain, a rannchuidigh le tionscadail nó a d’aontaigh go flaithiúil réada a thabhairt ar iasacht d’Áras Stair na hEorpa.