Le Zakentiy Horobyov, dearthóir grafach, clóghrafóir agus maisitheoir, Cív, an Úcráin
Cruthaíodh an saothar seo tar éis thús an chogaidh mhóir san Úcráin. Tá 35 urlár i m’fhoirgneamhsa; tar éis an chogaidh, ar éigean a bhí duine ar bith fanta ann. Mar shampla, ba mise an t-aon duine a bhí fanta ar m’urlársa.
Chinn mé féin agus mo theaghlach gan dul in áit ar bith. Toisc go bhfuil teach amháin caillte againn cheana féin. Cuireadh tús leis an gcogadh dúinn féin agus don 8 milliún duine a bhí ina gcónaí i réigiúin Luhansk agus Donetsk in 2014. Mar sin d’fhan mé.
Smaoinigh mé, conas is féidir liom cabhrú sa chás seo? Agus chinn mé póstaeir a dhéanamh a chabhróidh le daoine breathnú ar an staid ar bhealach níos dearfaí, á chur i gcuimhne dóibh go bhfuil a lán againn ann agus go bhfuilimid ag troid. Ní hamháin ag an bhfronta, ach freisin ar chúl, ní hamháin le hairm ach freisin leis an ealaín! Mar athleagan ar an méid a dúirt an fealsamh, René Descartes: má fhoirmíonn mé brí, is ann dom. Agus níl mé i m’aonar mar go labhraíonn mo mhuintir tríom.
Tá leagan cainte againn: an bhfuil an choróin ar na súile? Deir siad é seo nuair a thrasnaíonn duine an líne, nuair a dhéanann sé mí-iompar, agus nuair a thugann sé neamhaird ar dhaoine eile. B’fhéidir go gceapfaí gur duine teibí éigin é an fíor daonna atá i gceartlár an phóstaeir, ach is é Putin a léirítear air. Déantar an fíor beag liath a rastarú mar a dhéanfaí i nuachtán toisc, amhail aon deachtóir, go bhfuil sé scoite amach ón domhan agus ó shaol an duine.
Maireann sé faoi mhearbhall go bhfuil saoirse ó phionós aige. Creideann sé go ndéanann sé gach rud i gceart, beag beann ar an mbás agus ar chinniúintí daonna briste. Agus é ag baint úsáid as prionsabail an mhionghadaí, feictear dó gur laige é an comhionannas. Toisc go bhfuil saoirse ó phionós aige agus mar gheall ar a chúlra in KGB maireann Putin faoi mhearbhall, ag ceapadh gur féidir leis a rogha ruda a dhéanamh leis an domhan seo.
Is ar Facebook a fuarthas téacs an phóstaeir — “Níl rud is scanrúla ná fear teoranta i mbun cumhacht neamhtheoranta”. Is ráiteas é seo ón bhfile Úcránach, Vasyl Symonenko. Ar ndóigh, is frása fealsúnachta é, ach tá sé cruinn. Mharaigh na póilíní Vasyl Symonenko agus é 28 mbliana d’aois. Níor gearradh pionós ar aon duine riamh mar gheall air sin.
Creidmheas póstaer: Níl aon rud níos scanrúla ná cumhacht neamhtheoranta i lámha fear teoranta, Zakentiy Horobyov, 2022