Chun a dhualgais i leith shaoránaigh na hEorpa a chomhlíonadh, féadfaimid faisnéis phearsanta (“sonraí pearsanta”) a bhailiú, ar faisnéis í a bhailítear agus a láimhseáiltear agus Rialachán (AE) 2018/1725, “an Rialachán” á chomhlíonadh go hiomlán.

Cad í an reachtaíocht ábhartha?

Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 21 Samhain 2018 agus a tháinig i bhfeidhm an 11 Nollaig 2018.

Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2019 maidir leis na rialacha chur chun feidhme a bhaineann le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag Institiúidí, Comhlachtaí, Oifigí agus Gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE.

Cad a chiallaíonn sonraí pearsanta?

Ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó inaitheanta (“ábhar sonraí”). Is é is duine inaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó do thoisc amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach lena fhéiniúlacht fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta.

An mbailímid do chuid sonraí pearsanta?

Bailíonn suíomhanna gréasáin Pharlaimint na hEorpa/Áras Stair na hEorpa roinnt sonraí pearsanta. Tá cuid acu éigeantach, mar gheall ar na teicneolaíochtaí atá taobh thiar den Idirlíon, tá cuid acu riachtanach chun go bhfeidhmeoidh ár suíomhanna gréasáin i gceart, roinneann tú roinnt díobh ar bhonn deonach trí bhíthin ár meirge toilithe nó foirmeacha tiomnaithe. Ní iarrtar ach ar chúpla leathanach ort sonraí pearsanta a iontráil chun seirbhísí ar leith a sholáthar nó chun iarratais thiomnaithe a fhreagairt. I gcásanna den sórt sin, cuireann ráiteas príobháideachais tiomnaithe in iúl duit i gcónaí, inter alia, an cuspóir a bhaineann le do shonraí pearsanta a phróiseáil, an bunús dlí, na catagóirí sonraí a bhailítear, agus thar aon ní eile, faoi do chearta agus cé leis ar cheart teagmháil a dhéanamh i gcás inar mian leat na cearta sin a fheidhmiú. Mar shampla, ar an leathanach An tAonad um Fhiosrúcháin ó Shaoránaigh (Ask EP) tá táb teagmhála, nó bain úsáid as ár bhfoirm theagmhála. Ar an bhfoirm sin, iarrtar ort, ar a laghad, do shloinne, do chéadainm, do thír chónaithe, ainm na heagraíochta, do chatagóir, d’ábhar agus do sheoladh ríomhphoist, chomh maith le d’inscne, do sheoladh, d’aois, do ghairm agus do náisiúntacht, a thabhairt ar a laghad. Nuair a sheoltar í, cuirtear an fhoirm ar aghaidh trí ríomhphost chuig an roinn chuí ionas gur féidir léi freastal ar do chuid riachtanas ar an mbealach is fearr is féidir

Cinntíonn Parlaimint na hEorpa/Áras Stair na hEorpa go bpróiseáiltear na sonraí a bhailítear chun críocha beartaithe agus sonraithe go soiléir, agus chun na gcríoch sin amháin, agus nach ndéantar iad a athúsáid chun aon aidhm eile a bhaint amach.

Ní choimeádtar faisnéis phearsanta ach don tréimhse ama is gá chun na sonraí a phróiseáil. Beidh faisnéis mhionsonraithe faoin tréimhse choinneála san áireamh i gcónaí sa bheartas príobháideachais a bhaineann leis an ngníomhaíocht phróiseála atá i gceist. Féadfar roinnt sonraí a choinneáil go fadtéarmach ar chúiseanna stairiúla, staidrimh nó slándála, gan dochar d’aon fhoráil eile den Rialachán.

An roinnimid do shonraí pearsanta?

Ní nochtaimid faisnéis phearsanta do thríú páirtithe ach amháin nuair atá sí riachtanach chun na gcríoch a shonraítear agus do chatagóirí na bhfaighteoirí a sainaithníodh. Ní nochtaimid aon sonraí pearsanta chun críocha margaíochta dírí agus geallaimid bearta slándála iomchuí a dhéanamh chun na sonraí sin a chosaint ar mhí-úsáid ag tríú páirtithe.

Féadfaidh suíomhanna gréasáin Pharlaimint na hEorpa/Áras Stair na hEorpa naisc chuig suíomhanna idirlín eile a sholáthar. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag Parlaimint na hEorpa/Áras Stair na hEorpa ar na suíomhanna sin, molaimid duit athbhreithniú a dhéanamh ar a mbeartais phríobháideachais féin.

Cad iad na cearta atá agat?

Tá sé de cheart ag gach saoránach rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta atá i seilbh Pharlaimint na hEorpa fúthu agus a cheartú nó a scriosadh, nó srian a chur ar phróiseáil nó, i gcás inarb infheidhme, an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne próiseála nó an ceart chun iniomparthachta sonraí. I gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar a dtoiliú nó ar a dtoiliú sainráite, tá sé de cheart acu a dtoiliú a tharraingt siar aon tráth, gan difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na próiseála bunaithe ar thoiliú sula dtarraingítear siar é.

Maidir le haon iarraidh a bhaineann le do shonraí pearsanta a phróiseáil, iarraimid ort teagmháil a dhéanamh leis an rialtóir atá freagrach (mar a shainaithnítear sa bheartas príobháideachais a bhaineann leis an ngníomhaíocht phróiseála shonrach) nó le hOifigeach Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa (OCS). Mar shampla, maidir le hÁras Stair na hEorpa, is é Stiúrthóir an Mhúsaeim an rialaitheoir atá freagrach, ar féidir DGCOMM-HEHDataProtectionateuroparl [dot] europa [dot] eu (teagmháil a dhéanamh leis trí ríomhphost.)

Tá sé de cheart agat freisin gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS), arb é an t-údarás cosanta sonraí é d’institiúidí, do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí uile an Aontais Eorpaigh Ceann de na cúraimí atá air ná gearáin a láimhseáil agus fiosrúcháin a dhéanamh.

 

An tOifigeach Cosanta Sonraí i bParlaimint na hEorpa (OCS)

Tá Oifigeach Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin laistigh den institiúid.

Cumhdaítear leis an Rialachán seo aon seirbhís de chuid Pharlaimint na hEorpa/Teach Stair na hEorpa a úsáideann faisnéis lena sainaithnítear daoine aonair agus ceanglaítear uirthi fógra a thabhairt d’Oifigeach Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa faoi aon oibríocht ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta (bailiú, comhairliúchán, cur ar aghaidh, eagrú, etc.).

Déantar cur síos ar na hoibríochtaí sin i dtaifid thiomnaithe atá stóráilte sa “Chlár um Chosaint Sonraí ar Thaifid oibríochtaí próiseála sonraí i bParlaimint na hEorpa”, atá ar fáil go poiblí ar an idirlíon. Féadfaidh aon saoránach na taifid sin a rochtain agus féachaint orthu leo sa teanga inar iontráladh an fhaisnéis. Féadfaidh aon duine lena mbaineann na cearta a thugtar leis an Rialachán a fheidhmiú bunaithe ar an bhfaisnéis atá sna taifid sin.

Teagmháil:

  • data-protectionateuroparl [dot] europa [dot] eu (data-protection[at]europarl[dot]europa[dot]eu)

Tuilleadh eolais:

An Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí (MECS)

Is é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) an t-údarás cosanta sonraí d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais Eorpaigh.

Ceann de na cúraimí atá air ná gearáin a láimhseáil agus fiosrúcháin a dhéanamh. Cuirfidh an Maoirseoir Cosanta Sonraí fáilte roimh do ghearán agus é a phróiseáil.

Teagmháil:

  • edpsatedps [dot] europa [dot] eu (edps[at]edps[dot]europa[dot]eu)

Tuilleadh eolais:

An mbainimid úsáid as fianáin agus logaí freastalaí?

Úsáidimid cineálacha éagsúla fianán, agus cuspóirí éagsúla mar aidhm againn.

  • Lamhálann roinnt fianán dúinn feidhmeanna ar leith a chumasú nó d’eispéireas nascleanúna a fheabhsú, agus lamhálann cinn eile dúinn anailís a dhéanamh ar an mbealach a bhféachann tú ar ár suíomhanna gréasáin ionas go bhféadfaimis é a fheabhsú.
  • Tá géarghá le cuid acu, agus cuidíonn cuid eile linn do nascleanúint a phearsanú trí chuimhneamh ar do chuid sainroghanna agus socruithe.

Chomh maith le fianáin, úsáidimid ár logaí freastalaí freisin chun a bheith in ann ár mbonneagair agus ár bhfeidhmchláir theicniúla a anailísiú, chun faireachán a dhéanamh orthu agus chun iad a dhiagnóisiú Cabhraíonn siad linn glacadh lenár slándáil oibríochtúil, imscrúdú a dhéanamh ar eachtraí, faireachán a dhéanamh ar ár bhfeidhmíocht líonra agus teileachumarsáide agus cúnamh úsáideora a sholáthar.

Trí nascleanúint a dhéanamh ar ár suíomhanna gréasáin, glacann tú go hintuigthe le húsáid na nithe seo a leanas:

  • gach fianán teicniúil agus seisiún, a stóráiltear le linn an tseisiúin
  • gach rogha cuairteoirí (amhail teanga), a stóráiltear go buan
  • gach loga freastalaí, nach gcoimeádtar ach ar feadh tréimhse theoranta

Conas is féidir leat glacadh lenár bhfianáin anailísíochta nó iad a dhiúltú?

Bainimid úsáid as fianáin anailísíochta chun monatóireacht a dhéanamh ar nascleanúint ár n-úsáideoirí agus chun cáilíocht d’eispéireas brabhsála a fheabhsú.

Lenár n-uirlis Anailísíochta Gréasáin, AT Internet, cuirtear fianáin isteach, agus meastar gur fianáin tríú páirtí iad. Cabhraíonn siad linn tuarascálacha staidrimh comhiomlánaithe agus anaithnide a ullmhú maidir le nascleanúint ár gcuairteoirí.

Féadfaidh tú glacadh leo nó iad a dhiúltú, tríd an mbratach atá ar taispeáint ag bun ár suíomhanna gréasáin, nó tríd an ngiuirléid atá beartaithe ar bharr an leathanaigh seo. Má chinneann tú gan do chomhaontú a chur in iúl, trí neamhaird a dhéanamh den cheist, NÍ chuirfimid aon fhianán ar fáil.

Más fearr leat nach ndéanfaí rianú ort, is féidir leat an socrú ‘Ná Rianaigh’ (DNT) a ghníomhachtú ar do bhrabhsálaithe. Cinnteoidh sé nach ndéanfaimid do ghníomhaíocht nascleanúna a rianú in aon chor. Tá na socruithe “Ná Rianaigh” sin ar fáil i bhformhór na mbrabhsálaithe