Rinneadh oscailt thaispeántas sealadach Áras Stair na hEorpa ‘AgCaint!’ i mí Aibreáin 2022 a cheiliúradh le láithreacht an ealaíontóra Dan Perjovschi, a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, a chuir saothar ealaíne díreach ar bhallaí an mhúsaeim ina stíl neamhchosúil féin.

D’fhill Dan Perjovschi ar an músaem freisin ar an dara huair i mí Iúil chun a chuid líníochtaí a chríochnú agus chun léacht ad hoc a thabhairt do na cuairteoirí. Chaith sé uaireanta fada ag caint leis an lucht éisteachta agus ag tabhairt míniú ar an saol a bhí cruthaithe aige ina chuid líníochtaí.

I ndiaidh dó dul siar ar théamaí an taispeántais póstaer agus é a thabhairt ar camchuairt go pearsanta, thosaigh Dan Perjovschi, arb ealaíontóir é atá ar son na hEorpa ach freisin a mbaineann gné chriticiúil shóisialta, pholaitiúil agus eacnamaíoch lena gcuid saothar, ag tarraingt íomhánna géarchúiseacha, éirimiúla, agus ábhar machnaimh iontu, agus iad i mbun idirphlé leis na póstaeir sa taispeántas.

Léiríonn na híomhánna sa ghailearaí meán thíos an nasc in am agus i spás idir póstaeir stairiúla agus líníochtaí iarbhír ón ealaíontóir.