Taispeántais agus imeachtaí
Tugann na taispeántais agus na himeachtaí seo dearcthaí nua agus éagsúla ar stair na mór-roinne. Glacann siad cur chuige trasnáisiúnta maidir le bunús agus éabhlóid na hEorpa agus maidir le leagáidí, traidisiúin agus léirmhínithe éagsúla a staire. Agus iad ag foghlaim faoi áit na hEorpa sa domhan, spreagtar cuairteoirí chun smaoineamh go criticiúil faoi stair na hEorpa ar mhaithe le tuiscint a fháil ar shaincheisteanna don todhchaí agus ar shaincheisteanna atá ann faoi láthair.