An obair a dhéanaimid
Is músaem do chách atá in Áras Stair na hEorpa, is cuma cá as iad: an Bhruiséil nó Búdaipeist, Gent nó Gdańsk. Is gné ríthábhachtach de ghníomhaíochtaí an mhúsaeim é teagmháil a dhéanamh le daoine agus le pobail. Déanaimid é sin trí thionscadail shonracha agus naisc ar líne le himeachtaí agus le hinstitiúidí comhpháirtíochta ar fud na hEorpa agus obair spriocdhírithe for-rochtana le grúpaí éagsúla ar an leibhéal áitiúil agus ar fud na hEorpa araon.