Agus í ag fáiltiú roimh Correia, thug Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola dá haire go dtugtar an chuairt chinniúnach ag tráth suntasach do dhaonlathas na hEorpa. “Tá sé tábhachtach anois níos mó ná riamh go leanfaimid orainn ag foghlaim ceachtanna ón am a chuaigh thart agus chun ár stair féin a scríobh le chéile,” a dúirt an tUachtarán Metsola.
‘Agus cogadh ag filleadh ar thalamh na hEorpa agus an teannas geopholaitiúil ag dul i méid ar fud an domhain, ní mór dúinn leanúint de bheith ag caint faoi thraidisiúin dhaonlathacha ár mór-roinne agus faoinár gcomhluachanna Eorpacha, mar atá an tsaoirse, an daonlathas agus an smacht reachta,’ a dúirt sí freisin.
Mar fhocal scoir, thug an
tUachtarán Metsola dá aire go léiríonn Áras Stair na hEorpa ‘an chaoi ar éirigh le pobail na hEorpa breathnú níos faide ná an méid a scar siad óna chéile agus glacadh leis na nithe a thugann le chéile iad. Cabhraíonn sé linn tuiscint a fháil ar cé muid féin
, ar a mhéid atáimid tar éis teacht — agus ar an todhchaí chomhroinnte a d’fhéadfadh a bheith againn.” Dúirt sí gur deis a bhí ina cuairt chun tuiscint a fháil ar stair agus ar oidhreacht an Aontais Eorpaigh. Creidim cheana féin san Eoraip ina hiomláine — mar gheall ar bhuantaispeántas an mhúsaeim, bhraith mé go bhfuil baint níos mó agam le hEorpaigh eile.”