Breathnaítear sa taispeántas seo ar an gcaoi, le 70 bliain anuas, a chuaigh daoine óga san Eoraip ó bheith ina ngrúpa ar tharla an stair dó, go grúpa a dhéanann an stair i ndáiríre. Cuireann sé ceithre ghlúin de dhaoine óga den sórt sin i láthair a tháinig in aois ag tráthanna tábhachtacha i scéal na hEorpa: is é sin, deireadh na 1940idí, sna 1960idí, na 1980idí agus tús an aonú haois is fiche. Pléann sé buntaithí na hóige; ó hoideachas agus fostaíocht, go dtí cruthú féiniúlachta agus aimsiú grá.
- Béarla amháin
- ISBN 978-92-846-3145-2
Foilsíodh an leabhar seo tráth an taispeántais ‘Óige Mhíshuaimhneach’ (Feabhra 2019-Feabhra 2020). Tá aistí ann faoi ábhair an taispeántais, le hacadóirí mór le rá i réimse na staire, na socheolaíochta agus an léinn cultúir, mar aon le hábhar ó choimeádaithe Áras Stair na hEorpa, ina gcuirtear an taispeántas féin i láthair.
Tá an leagan iomlán den leabhar ar fáil le híoslódáil anseo.